School: Bó Ros (Bouris)
- Location:
- Glenbaun, Co. Mayo
- Teacher: Breandán Ó Lionáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bó Ros (Bouris)
- XML Page 218
- XML “Gráinne Ní Mháille - Banlaoch Mhaigh Eo - 1530 - 1603”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sa bhliadhan 1593 do chuir Eilís fios go Lonndan uirthe le go bhféachfadh sí feín len a ceannsú. Thárla é sin cinnte ag a muinntir in Éirinn. Acht ní mórán áird a thug Gráinne ar Eilís, bíodh (?) is gur bainríoghan mhór í. Sgaoileadh abhaile í gan mórán moille tar éis geallta a thabhairt uaithe bheith go socair. Ar a bealach anall di casadh i dtír ag Binn Éadair í, acht níor cuireadh aon choir roimpe ins an gCaisleán, áit raibh fleadh ar bun ag Barron Howth. Bhí cútha uilc uirthe. Fuair sí greim ar mhac óg an tighearna (?) gur árduigh léi é go Cuan Modh. Sa deireadh, b'é an réidhteach a rinneadh eatortha - go dtuibharfadh (?) sise ar ais an gasúr agus go ngeallfadh seisean go bhfágfaí doras ar osgailte ins an gCaisleán i gcomnuidhe agus go mbéadh béile le fágháil ag aon duine a chásfaidhe an bealach go bráth arís.