School: Bó Ros (Bouris)

Location:
Glenbaun, Co. Mayo
Teacher:
Breandán Ó Lionáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 220

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 220

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bó Ros (Bouris)
  2. XML Page 220
  3. XML “Ciníocha Móra an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Mainistear Inis Meadhain, i gcuan na Gaillimhe.
    Ghabh sé an dá bharúntacht seo freisin chomh maith chuile áit eile taobh thiar de'n tSionainn, agus in a dhiaidh a mhac 'na thighearna ar an áit seo, ar a dtugtaoi an uair úd Umhaill.
    Leis an aimsir tháinig sgoilt in a shliocht Mac Uilliam an sloinne a bhí anois ortha. Mac Uilliam Íochtar a tugtaoi ar thighearna Umhaill, agus Mac Uilliam Uachtar ar an dream a bhí i gceannas sa taobh ó dheas de'n Chúige.
    Le linn cogadh an dá Rós a bheith ar siubhail i(?) Sasana bhí Éire gach buile chomh tré-na-chéile, cheal (?) smacht ar Ghaedheal ná ar Ghall. Le linn na h-ainsire (?) dóghadh go leór Mainistear i gConnacht. Ortha seo bhí na mainistrí seo leanas (1411):-
    Anach Cuain, Caisleán a' Bharraigh, Baile Odhbha agus go leór eile.

    1543 - Nuair a bhí hAnnraoi VIII ionntuighthe in aghaidh an Phápa d'orduigh sé na mainistrí a dhúnadh agus a maoin a chur chuige féin. An t-am úd dúnadh mainistrí Conga, Baile an Ródhba, Borrus Cearra, Béal Átha h-Amhnais agus Muirrisc a bhí ag manaigh San Aibhistín, agus mainistrí le Órd Carmelite ag Baile na Smál, Baile an Tobair, Borrus Umhaill, roinneadh a gcuid amach ar chreachadóiribh Annraoi.

    1537 - Rinne an Rí Árd Easbog Thuama de Dr Bokin as Gaillimh, mar thóg sé taobh an Rí. I go mb'é an Rí ceann (?) na h-Eaglaise. Cupla bhliadhan 'na dhiaidh sin (1534) chuir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish