Scoil: Bó Ros (Bouris)
- Suíomh:
- An Gleann Bán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Breandán Ó Lionáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mainistear Inis Meadhain, i gcuan na Gaillimhe.Ghabh sé an dá bharúntacht seo freisin chomh maith chuile áit eile taobh thiar de'n tSionainn, agus in a dhiaidh a mhac 'na thighearna ar an áit seo, ar a dtugtaoi an uair úd Umhaill.Leis an aimsir tháinig sgoilt in a shliocht Mac Uilliam an sloinne a bhí anois ortha. Mac Uilliam Íochtar a tugtaoi ar thighearna Umhaill, agus Mac Uilliam Uachtar ar an dream a bhí i gceannas sa taobh ó dheas de'n Chúige.Le linn cogadh an dá Rós a bheith ar siubhail i(?) Sasana bhí Éire gach buile chomh tré-na-chéile, cheal (?) smacht ar Ghaedheal ná ar Ghall. Le linn na h-ainsire (?) dóghadh go leór Mainistear i gConnacht. Ortha seo bhí na mainistrí seo leanas (1411):-Anach Cuain, Caisleán a' Bharraigh, Baile Odhbha agus go leór eile.
1543 - Nuair a bhí hAnnraoi VIII ionntuighthe in aghaidh an Phápa d'orduigh sé na mainistrí a dhúnadh agus a maoin a chur chuige féin. An t-am úd dúnadh mainistrí Conga, Baile an Ródhba, Borrus Cearra, Béal Átha h-Amhnais agus Muirrisc a bhí ag manaigh San Aibhistín, agus mainistrí le Órd Carmelite ag Baile na Smál, Baile an Tobair, Borrus Umhaill, roinneadh a gcuid amach ar chreachadóiribh Annraoi.
1537 - Rinne an Rí Árd Easbog Thuama de Dr Bokin as Gaillimh, mar thóg sé taobh an Rí. I go mb'é an Rí ceann (?) na h-Eaglaise. Cupla bhliadhan 'na dhiaidh sin (1534) chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)