Scoil: Bó Ros (Bouris)
- Suíomh:
- An Gleann Bán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Breandán Ó Lionáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bó Ros (Bouris)
- XML Leathanach 215
- XML “Gráinne Ní Mháille - Banlaoch Mhaigh Eo - 1530 - 1603”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tagairt a bhaineadar as a chéile faoi. Tá sé ráidhte go raibh beirt mhac agus inghean ag Gráinne- Eoghan, Murchadha, agus Máire. Nuair a tháinig in inmhidhe phós sé Caitlín a’ búrca as Caisleán a’ Bharraigh- bean a bhí i gcomhnuidhe ar thaobh na nGall. Cé go raibh an lánamhain sásta glacadh le dlighe na nGall d’orduigh Bingham (?) an a chur ‘an báis, rud a rinneadh. Deir Knox gur ar oileán Ómeí a marbhuigheadh é, acht ‘sé baramhail (?) acha eile gur ar Inis Tuirc a theangmhuigh an bás leis.
Nuair a cailleadh Domhnall Ó’Flaithbheartaigh (?)réig Gráinne Connamara go dtug sí a h-aghaidh ar Cliara arís, agus a h-inghean óg ‘na teannta. Cruthuigeann na Imirce seo gur as Cliara a tháinig sí ar dtús le imthaecht aimsire do phós a h-inghean, Máire, Riocard a’ búrca (Diabhal a Chorráín, a tugtaoi air) as Acaill. Bhí díombáidh agus duibhthean croidhe anois ar Ghráinne mar bhí sí ‘na h-aonair arís gan mac gan chéile. Ba ghairid gur phós sí Riocard an Iarainn a’ Búrca, agus leis seo fuair sí greim ar Charraig a’ Chabhlaigh. Ní h-iongnadh ar bith anois go raibh sí teanntásach agus doicheallach le’n a cuid náimhde mar bhí teannadh ar a cúl aice thar mar bhí ariamh. Bhí fear a h-ingine ar an gCorrán, ag gaolta ag Muirisc agus ar oileán Cliara, agus í féin ar Charraig a’ Chabhlaigh. Is cosamhail ar iomdha ruathar creiche agus slad a rinne sí ar an Iarthair, óir bhí cabhlach laídir go maith faoi’n a (?)éir aice, a bhí i riocht draoi na droman a bhualadh(leanann ar an chéad leathanach eile)