School: Bó Ros (Bouris)

Location:
Glenbaun, Co. Mayo
Teacher:
Breandán Ó Lionáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bó Ros (Bouris)
  2. XML Page 215
  3. XML “Gráinne Ní Mháille - Banlaoch Mhaigh Eo - 1530 - 1603”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tagairt a bhaineadar as a chéile faoi. Tá sé ráidhte go raibh beirt mhac agus inghean ag Gráinne- Eoghan, Murchadha, agus Máire. Nuair a tháinig in inmhidhe phós sé Caitlín a’ búrca as Caisleán a’ Bharraigh- bean a bhí i gcomhnuidhe ar thaobh na nGall. Cé go raibh an lánamhain sásta glacadh le dlighe na nGall d’orduigh Bingham (?) an a chur ‘an báis, rud a rinneadh. Deir Knox gur ar oileán Ómeí a marbhuigheadh é, acht ‘sé baramhail (?) acha eile gur ar Inis Tuirc a theangmhuigh an bás leis.
    Nuair a cailleadh Domhnall Ó’Flaithbheartaigh (?)réig Gráinne Connamara go dtug sí a h-aghaidh ar Cliara arís, agus a h-inghean óg ‘na teannta. Cruthuigeann na Imirce seo gur as Cliara a tháinig sí ar dtús le imthaecht aimsire do phós a h-inghean, Máire, Riocard a’ búrca (Diabhal a Chorráín, a tugtaoi air) as Acaill. Bhí díombáidh agus duibhthean croidhe anois ar Ghráinne mar bhí sí ‘na h-aonair arís gan mac gan chéile. Ba ghairid gur phós sí Riocard an Iarainn a’ Búrca, agus leis seo fuair sí greim ar Charraig a’ Chabhlaigh. Ní h-iongnadh ar bith anois go raibh sí teanntásach agus doicheallach le’n a cuid náimhde mar bhí teannadh ar a cúl aice thar mar bhí ariamh. Bhí fear a h-ingine ar an gCorrán, ag gaolta ag Muirisc agus ar oileán Cliara, agus í féin ar Charraig a’ Chabhlaigh. Is cosamhail ar iomdha ruathar creiche agus slad a rinne sí ar an Iarthair, óir bhí cabhlach laídir go maith faoi’n a (?)éir aice, a bhí i riocht draoi na droman a bhualadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Grace O'Malley (~10)
    Language
    Irish