Scoil: Bó Ros (Bouris)

Suíomh:
An Gleann Bán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Breandán Ó Lionáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bó Ros (Bouris)
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Gráinne Ní Mháille - Banlaoch Mhaigh Eo - 1530 - 1603”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar aon dream a gheobhfadh ionnta féin dul a’ Dréim leo. Bhí a shliocht uirthe. Chreach sí Árainn Mhór cupla uair, agus d’airigh sí Iarla Deasmamhan ag béal na Sionainne sa mbliadhain 1576.
    Roimhe sin sa mbliadhain chéadna thug sí cuaird ar Sir Philip Sydney, fear ionad an Rí, nuair a tháinig seisean go Gaillimh. Tá cur-síos aige uirthi in a thuarasgabháil d’Eilís Shasana ‘’a most famous feminine Sea Captain called Grania O’Malley and she offered her services to me wherever I would command her, with three galleys and two hundred fighting men (?) either in Ireland or in Scotland. She brought with her her husband, for she was as well by sea as by more than master’s mate to him. He was of the Net’ (?) Burkes and now I hear is MacWilliam Eighter, called by nickname Richard in Iron’’. Is cosamhail nár chuir Sydney aon aírd uirthe mar deirtear linn gur ghabh Iarla Dheasmumhan í thíos i aice le Tairbhirt i gCo. Chiarraidhe in a dhiaidh sin, agus í ag slad a dhúithche. Tugidh (?) do Drury, Uachtarán Mumhan í agus gearradh bhliadhan go leith príosúntachta uirthi. Níor cheannsuigh sé sin í mar tá cúnntas againn go mb’éigean do’n gCaiptein Liam Ó Máirtín trí seachtmhainí ag ionnsuidhe a caisleáin ag Carriag a’ Chabhlaigh sa Márta 1579, D’fhonn í a ghabhail arís toisg foghail a bhí déanta aice. Theip air 'san iarracht.
    Bhí an saoghail corrach go leór ag maraidhthe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Gráinne Mhaol Ní Mháille (~10)
    Teanga
    Gaeilge