Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Suíomh:
Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Seán a' Laindéir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ..s caithfidh mise luighe ar a 'talamh. Nuair a shuidfas buachaill ar bith sa gcathaoir aríst abair leis "Greamuigeadh do thóin do'n gcathaoir agus an cathaoir do'n talamh. Nuair a dhéanfas tú é sin uair amháin ní shuidhfidh aon duine in do chathaoir arís go bráthach. "Gorabh míle maith agat, a dhiabhail. Tá tú go mór níos fearr ná chuala mé cheana. "Béidh mé níos fearr ná sin..."ars an diabhal. "Níl mé ag iarraidh ort níos mó" ars an gabha. Tá mé an shásta leis an méid atá fáighte. "Tá mise ag imtheacht anois" ars an diabhal, "ach chuimhnigh go mbeidh ... agat annseo seacht mbliadhna ó'n lá indiu agus bí réidh le bheith liom-sa an lá san". ....leis agus bhí an sean ghabha lán tsásta. Ar ball tháinic buachaill isteach. ....g sé ar an órd. Bhuail sé buille. "Greamuigeadh do lámh do'n órd agus an órd do'n talamh". Leig sé blaodach agus béich as. "Múinfidh mise dhuit ars a ' gabha nach mbeidh tú a ' magadh fúmsa mar bhí tú san am atá caithte. "Leig as seo mé ars an buachaill agus geallaim dhuit nach mbéarfaidh mé ar an órd go bráthach arís. "Sgaoil do ghreim de'n oird" ars a 'gabha, agus d'imthi' an buachaill abhaile. Bhí go maith 's ní rabh go h-olc. Chuaidh an gabha abhaile tráthnóna. Bhí buachaill na shuidhe sa gcathaoir. "Greamuigeadh do thóin don gcathaoir agus an cathaoir do'n talamh. Chuir an buachaill béich agus sgread as agus tháinic scannradh mór air. Bhí an buachaill sásta go leór nuair d'fhéad sé imtheacht. D'imthigh an gabha bocht annsin ag teach an óil agus d'ól sé an sgilling. Nuair d'fhosgail sé an sparáin bhí 1/= ann. Ach le deire an sgéil bhí an gabha a ...... thar cionn agus bhí saidhbhreas mór aige. Nuair a bhí na seacht mbliadhna ....Bhí Siubhal an diabhal isteach sa céardchain. "Cé'n chaoi bhfuil tú a ghabha" arsa an diabhal. 'Bhfuil tú réidh anois le tigheacht liom-sa. "Beir ar an órd seo má's é do thoil agus tarraing amach an crúdh seo dhom agus beidh mé leat annsin" ars a' gabha. ...a ' diabhal ar an órd agus nuair a rug, "Greamuigeadh do lámh do'n órd agus an órd d'on talamh" ars a gabha. Tá mé agat ars a 'diabhal agus shíl mé gorabh mé níos fearr dhuit go ndéanfá é sin orm, ach sgaoil as seo mé agus geallaim duit nach dgcuirfidh mé aon éileamh ort go ceann 7 mbliadhna eile.
    "Tá go maith" ars an gabha, "bailigh leat. Bí cinnte a deir an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    C. J. Ó hAoláin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seáinín Shéain Ó Flaitheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe