School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
- Location:
- Westport, Co. Mayo
- Teacher: An Br. C. J. Ó Haoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)..s caithfidh mise luighe ar a 'talamh. Nuair a shuidfas buachaill ar bith sa gcathaoir aríst abair leis "Greamuigeadh do thóin do'n gcathaoir agus an cathaoir do'n talamh. Nuair a dhéanfas tú é sin uair amháin ní shuidhfidh aon duine in do chathaoir arís go bráthach. "Gorabh míle maith agat, a dhiabhail. Tá tú go mór níos fearr ná chuala mé cheana. "Béidh mé níos fearr ná sin..."ars an diabhal. "Níl mé ag iarraidh ort níos mó" ars an gabha. Tá mé an shásta leis an méid atá fáighte. "Tá mise ag imtheacht anois" ars an diabhal, "ach chuimhnigh go mbeidh ... agat annseo seacht mbliadhna ó'n lá indiu agus bí réidh le bheith liom-sa an lá san". ....leis agus bhí an sean ghabha lán tsásta. Ar ball tháinic buachaill isteach. ....g sé ar an órd. Bhuail sé buille. "Greamuigeadh do lámh do'n órd agus an órd do'n talamh". Leig sé blaodach agus béich as. "Múinfidh mise dhuit ars a ' gabha nach mbeidh tú a ' magadh fúmsa mar bhí tú san am atá caithte. "Leig as seo mé ars an buachaill agus geallaim dhuit nach mbéarfaidh mé ar an órd go bráthach arís. "Sgaoil do ghreim de'n oird" ars a 'gabha, agus d'imthi' an buachaill abhaile. Bhí go maith 's ní rabh go h-olc. Chuaidh an gabha abhaile tráthnóna. Bhí buachaill na shuidhe sa gcathaoir. "Greamuigeadh do thóin don gcathaoir agus an cathaoir do'n talamh. Chuir an buachaill béich agus sgread as agus tháinic scannradh mór air. Bhí an buachaill sásta go leór nuair d'fhéad sé imtheacht. D'imthigh an gabha bocht annsin ag teach an óil agus d'ól sé an sgilling. Nuair d'fhosgail sé an sparáin bhí 1/= ann. Ach le deire an sgéil bhí an gabha a ...... thar cionn agus bhí saidhbhreas mór aige. Nuair a bhí na seacht mbliadhna ....Bhí Siubhal an diabhal isteach sa céardchain. "Cé'n chaoi bhfuil tú a ghabha" arsa an diabhal. 'Bhfuil tú réidh anois le tigheacht liom-sa. "Beir ar an órd seo má's é do thoil agus tarraing amach an crúdh seo dhom agus beidh mé leat annsin" ars a' gabha. ...a ' diabhal ar an órd agus nuair a rug, "Greamuigeadh do lámh do'n órd agus an órd d'on talamh" ars a gabha. Tá mé agat ars a 'diabhal agus shíl mé gorabh mé níos fearr dhuit go ndéanfá é sin orm, ach sgaoil as seo mé agus geallaim duit nach dgcuirfidh mé aon éileamh ort go ceann 7 mbliadhna eile.
"Tá go maith" ars an gabha, "bailigh leat. Bí cinnte a deir an(continues on next page)- Collector
- C. J. Ó hAoláin
- Gender
- Male
- Informant
- Seáinín Shéain Ó Flaitheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway