Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Suíomh:
Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “An Gearrán Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear a bhí ins an Lochán Beag tamall maith ó shoin. Bhí gearrán aige. B'shin a rabh de mhaoin a' tsaoghail aige. Ní rabh comhluadar aige ach a shean-bhean. Amach faoi Bealtaine bhíodh an gearrán fághtha thuas ar a sliabh, mar ní rabh tada ag Micheál Ó Corráin (fear a' chapaill) le tabhairt dhó. Oidhche amháin agus b'aisteach é thuit sneachta mór agus níor féad Micheál sroicint go dtí an gearrán lá ar na bhaireach. I gceann cúpla lá 'na dhiaidh sin thug Micheál iarracht dhul go dtí an gearrán. Bhí naidhe air faoi agus bhí 's aige go rabh an talamh clúdaighthe ag a' sneachta. Dubhairt sé lena bhean "is fearr duit cúpla fata a sgriobadh agus cáca bacstaí a dhéanamh. Tá fhios agam go bhfuil an gearrán i sáinn, go bhfuil ocras air agus tiubhraidh mise an bía ag a'chreatúir bocht". Ghluais le Micheál fé dhéin an ghearráin agus an cáca faoin a ascal. Ach ar chuma ar bith bhí tuairisg maith aige cá mbíodh an gearrán ag fanacht. Tháinic sé go dtí an áit sin a mbíodh an gearrán go h-iondúil. Ní rabh sé ann. ......fairnéis ar bith air. Chuartaigh sé leis agus ar ball céard a gheobhadh sé ach an gearrán bocht caillte ins an sneachta. Bhí Micheál I gcruadh-chas. Chrom sé anuas agus ..oin sé a sháith. Tháinic sé anuas go dtí an tsean-bhean agus é ag caoineadh. Chuala an tsean-bhean an caoineadh agus cuaidh amach roimhe. "Cé'n fath do chaoineadh" ar sí."Tá mo chara caillte indiu" A Shiobháin, an gearrán bán caillte ins an tsneachta. Thosuigh an tsean-bhean ag caoineadh agus chruinnigh na comharsana go teach Mhichíl. ..D'innis Micheál a sgéal dóibh. Ghluais leobh uilig amach ar a' sliabh arís go dtí an gearrán go bhfeannfadh siad é. Rinneadh amhlaidh agus cuireadh an craiceann ....i mála. Bhí go maith 's ní rabh go h-olc. Amach ins an meadhon - oidhche ......Micheál gus a shean-bhean ar a leabaidh. Chuala siad torann ag a 'doras. Chrothnaigh(?) siad agus tháinic sgannradh mór ortha. Is cosamhail le torann an ghearráin féin é arsa Micheál "Tá aimhreas orm gur sidheoga atá t'amú" ars Siobhán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1911A: Horse's New Backbone
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    C. J. Ó hAoláin
    Inscne
    Fireann