Scoil: Cnoc a Logha

Suíomh:
Troiste, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Maoildeirg

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cnoc a Logha | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Tuma a bhí ag teacht go dti siopa i Gaoth Sáile agus nuair a bhí sí ag an áit atá an roilig anois chonnaic sí poll mór lán le leath coroineachaibh. Chrom sí chun iad a phiocadh agus nuair a bhí a pocai líonta aici dhearc sí thart. Bhí an oidhche ag tuitim agus chuaidh sí abhaile gan teacht go dtí an siopa ar chor ar bith. Thainig sí go dtí an siopa lá in a dhiaidh sin acht ní bhfuair sí aon airgead mar níor thóg sí uilig é nuair a bhfuair sí ann é.

Bhí fear ann fadó istigh i nGaoth Sguairthadh
Ní raibh sé a fághail codhladh na comnuidhe acht ag brionghloidi i gcomhnuidhe go bhfeicfeadh sé cisti. Rinne sé brionghloid oidhche amháin go bhfaca sé cistí thall i London. Chuaidh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Cearbhallain
Inscne
baineann
Seoladh
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge