Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)

Suíomh:
Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Proinnsias Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 519

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 519

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Poll an tSómais
  2. XML Leathanach 519
  3. XML “Doirbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciaróg bheag a bhíonn ins na sruthain ins an samhradh. Bíonn na fiodáin, nó na srutháin beagnach tirim, agus a tigeann tart ar na beitidhigh dríogann siad na tobracha. Mar sin tá baoghal ann in aimsir tirim go slugfadh bó doirbh nuair a bheadh sí ag ól.
    Nuair a shlugann sí doirbh éirigheann sí an attha, agus bíonn an phían uirthí, agus muna dtagann biseach uirthí go tapaidh tá droch seans aici.
    Níl aon leigheas ar an ghalar seo dar leis na daoine acht seo.
    Deich ndoirbhe eile fhághail as fiodáin eicint, nó an ceanphort díobh fhághail. Cuir iad seo isteach i gceirt agus cuir os cionn na teinneadh iad go bhfuidhidh siad bás. Comh luath is a gheibheann siad bas bíonn an bhó in a sean rith airís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge