Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Poll an tSómais
- XML Leathanach 506
- XML “Lag na Fola”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I ngleann bheag dhubh faoi leabaigh Gráine tá lag na fola suidhthe. Deirtear go raibh cath millteach san ngleann seo fadó fadó acht níl aon bhéaloideas ag na sean daoinibh cé h iad a bhí ag troid.
Bhí seanchaidhe sa gceantar a bhí faoi árd-mheas ag chuile duine, agus chuireas ciest air faoi. Dubhairt sé go raibh eolas aige ar gach uile short faoi. Agus ar seisean “bhí cath mór millteach annsin fadó idir na Fir-Boilg, agus na Tuatha de Dannan in aimsir Cromail, agus marbhuigheadh na mílte”. Níor lean mé an sgeul ní bh’fuide, acht chuimhnigh mé ar na h orduighthe a bhfuaireas gan an t athrughad dá laighead do chur ar chuntas an tSeanchuidhe.
Caithfidh sé go raibh cath ann mar tá fáinne de clochaibh móra in a seasamh ar thaobh an lagáin, agus ón gcuma in a bhfuil siad leagtha chomh churmach, is chomh chothrom, déarfá gur daoine daona a leag iad.
Gitín ón bhfáine seo(leanann ar an chéad leathanach eile)