Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)

Suíomh:
Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Proinnsias Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 504

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 504

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Poll an tSómais
  2. XML Leathanach 504
  3. XML “Dún Cheartáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé seo ainm an bhaile atá taobh thiar de Ghleann an Gad. Deirtear go raibh fathach dar bh’ainm Ceartáin in a chomnuidhe annsin fadó, fadó, agus tá clocha móra a bhí ar a dhún le feicál ann go fóil.
    Deirtear go raibh claidheamh iongantach aige agus nach féidir leis a bheith gonnta chomh fada agus a bhí sé aige.
    Bhí dearbhtathair leis, Ciortán, in a chomhnuidhe ag barr na trágha, agus tré mhealladh a mná, fuair sé an claideamh ar iasacht ó Cheartán ag dul ag troid le Domhnall Dual Buidhe, fathach eile a bhí áit chomhnaidhe aige, ag Gleann Chaisil.
    Muithean, bean Chiortán, ba ciontach leis an dtroid mar bhí sé beartuighthe aici Domhnall do phosadh nuair a bheadh an bheirt dhearbhrathair as an mbealach.
    Marbhuigheadh an bheirt dhearbhrathair cean aca ag Gleann Caisil, agus an ceann eile ag Tráigh Chioráin.
    Sar i bhfad fuair Domhnall amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Dún Ceartáin nó Gleann an Ghad, Co. Mhaigh Eo