Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Antoine Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 21

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 21

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 21
  3. XML “Seanchas - Stoirmeacha srl.”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1 Sa mbliadhain 1839 sin timpeall 99 bliadhain ó shoin thainic stoirim mhór agus thugadh "Oidhche na Gaoithe Móire" air. D'eirigh se in airde ar leath uair tar éis a naoi ar an seámhadh lá de mí an Eanair. Ní raibh aon fheistiú ar na tightibh in a choinnigh.
    Briseadh agus basgad gach teach agus cró an oidhche sin agus cailleadh na milte daoine. Bé an oidhche ba mhillteach dá dtainic ariamh. Ón lá sin amach bhí obair ag na saoir.
    Oidhche eile cuig mbliadhna déag ó shoin ar an 20 lá de mhí an Eanair d'éirigh stoiri ar a h-aon dhéag a chlog. Bhí an oidhche ciún agus thainc se in a sinneáin láidre. Bhí cúigear fear ag iasgaireacht ar na carraigeacha thiar ar an bhFod Dubh agus bathadh iad. Báthadh go leor bádoraí eile chomh. Sguab sé tuighe de na tighthe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Antoine Ó Giobúin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Áit Tí Conáin, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mártan Ó Murchadha
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Áit Tí Conáin, Co. Mhaigh Eo