Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)

Suíomh:
Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Eachmharcaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 29

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 29

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sraith na mBannrach
  2. XML Leathanach 29
  3. XML “Brian Rua - An Fáidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Brian Ruadh ina chomhnuidhe i dTúr Ghlás in Iorras. Bhí sé pósta ann agus bhí líon-tighe aige, bhí sé bocht agus ní raibh aige acht aon bhó amháin. Shocruigh sé annsin go n-díolfádh sé an bhuain.
    ’Ghléas sé é féin agus chuaidh sé go aonach agus shiubhal sé aistear fada ó thuaidh. Nuair a shroich sé an t-aonach cheannuigh fear an bhó uaidh ar £9-3-9.
    Nuair a fuair sé an t-airgead bhí sé an t-sásta agus thosuigh sé ar an mbealach abhaile a deanamh amach. Ní raibh sé ag siubhal i bhfad ar cuma ar bith gur airigh sé sluaigh daoine bealach ó’n mbóthar. Smaoin sé ar feadh tamaill, agus annsin chuaidh sé chomh fada leis an áit, agus fuair sé amach go raibh an “Sheriff” ann agus go raibh sé ag ruagadh bhean agus páistí as teach agus talamh, nuair nach raibh airgead aca cun an cios a íoch.
    D’iarr Brian annsin cé mhéid a bhí le n-íoch agus dá mbéadh sé sin íochtá arbh fhéidir leis an bhean agus na páistí a dhul isteach ins an tigh. Dubhairt an “Sheriff” go raibh £9-2-0 le n-íoch, agus dá mbéadh sé sin íochtá go mba féidir leo a dhul isteach ins an tigh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maedhbh Ní Ghallchobair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Log Dubh Beag, Co. Mhaigh Eo