Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith na mBannrach
- XML Leathanach 25
- XML “An Gorta Mór”
- XML “An Gorta Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuireadar longa lán de mhín bhuidhe as na Státa Aontuighthe go hÉirinn. Chuir an Rialtas obair ar bun, obair nach raibh aon mhaith leis, mar bhí na fir ró lag le aon obair a dhéanamh.
Dubradar annsin go dtugfaí airgead go aon duine a dhíoladh a chreideamh sé sin a rád a tionnthuigheadh ó chaitiliciach go protastún.
Bhí fear d'ainm “Gaughan” ins an ceanntar seo agus bhí sé timceall seachtmhain gan bíadh agus chuaidh sé isteach i dteach dTairseacháin agus fuair sé a dhinnéar ann. D'ith sé an iomarcha agus nuair a bhí sé ag siubhal síos in aice leis an abhainn dhubh fuair sé bás agus tá sé curtha in aice leis an abhainn, agus an poll atá ins an cuid sin dé’n abhainn thugtar “Gaughan’s Pool” air.
Tá bean agus páiste curtha i Dú Ríal a bhfuair bás in aimsear an gorta. Tá daoine curtha i a lán áiteacha san bparáiste a bhfuair bás san am sin. An Gorta Mór
“I mbliadhain 1845 do mhair na hÉireannaigh go léir ar fataí.”
I mbliadhain 1845 do mhair na hÉireannaigh go léir ar fataí. Acht amháin i mbliadhain 1845(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonnmhaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Connmhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo