School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 29
- XML “Brian Rua - An Fáidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Brian Ruadh ina chomhnuidhe i dTúr Ghlás in Iorras. Bhí sé pósta ann agus bhí líon-tighe aige, bhí sé bocht agus ní raibh aige acht aon bhó amháin. Shocruigh sé annsin go n-díolfádh sé an bhuain.
’Ghléas sé é féin agus chuaidh sé go aonach agus shiubhal sé aistear fada ó thuaidh. Nuair a shroich sé an t-aonach cheannuigh fear an bhó uaidh ar £9-3-9.
Nuair a fuair sé an t-airgead bhí sé an t-sásta agus thosuigh sé ar an mbealach abhaile a deanamh amach. Ní raibh sé ag siubhal i bhfad ar cuma ar bith gur airigh sé sluaigh daoine bealach ó’n mbóthar. Smaoin sé ar feadh tamaill, agus annsin chuaidh sé chomh fada leis an áit, agus fuair sé amach go raibh an “Sheriff” ann agus go raibh sé ag ruagadh bhean agus páistí as teach agus talamh, nuair nach raibh airgead aca cun an cios a íoch.
D’iarr Brian annsin cé mhéid a bhí le n-íoch agus dá mbéadh sé sin íochtá arbh fhéidir leis an bhean agus na páistí a dhul isteach ins an tigh. Dubhairt an “Sheriff” go raibh £9-2-0 le n-íoch, agus dá mbéadh sé sin íochtá go mba féidir leo a dhul isteach ins an tigh.(continues on next page)- Collector
- Maedhbh Ní Ghallchobair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Lagduff Beg, Co. Mayo