Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith na mBannrach
- XML Leathanach 78
- XML “Pisreoga”
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)20. Ní ceart aithinn a thabhairt amach leat as an teine gan trí fód móna do chur ar an teine.Oidhche Shamhna
Oidhche Shamhna crochann daoine áithride sean-chótaí ar ceithre choirnéil an tighe ar súil go dtabharfaidh siad an t-im ó mhuinntir an bhaile sin is go mbeidh sé go léir aca féin, acht má athruigheann an ghaoth ar feadh na h-oidhche sin imthigheann an duine sin ar mire.Fuair sí ó’n a sean-mháthair iad sa mbaile. (Tá máthair Bhrighde ar duine de na seanchaidhthe is fearr i mBaile Cruaich maidir le pisreoga agus a leitheide acht gur doiligh iad a bhaint aistí uaireanta.) - 21. Má dóirteann tú salann ar maidin deirtear go mbeidh brón ort roimh an oidhche.
22. Ní ceart luaithe a chatheamh amach lá Nodlaig Beag
23. Má briseann tú sgathán beidh seacht mbliadhna mí-ádha ort.I dtaoibh lá Nodlaig Beag
1. Deir na Seandaoine nach mbeidh aon ádh ortha an cuid eile de’n bhliadhain má thagann bean isteach ar an gcéad duine lá Nodlaig Beag.
2. Deirtear nach ceart luaithe ná uisge salach a chaitheamh amach an lá sin agus nach ceart uisge a thabhairt isteach tar éis dul faoi do’n ghréin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chléirigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bleinkeragh, Co. Mayo