Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith na mBannrach
- XML Leathanach 79
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá Bealtaine
3. Deirtear comh maith go bhfuil daoine áithride i ndon an t-im a thabhairt ó dhaoine eile ar feadh bliadhna má dhéanann siad rudaí éagsamhla maidin Bealtaine.
4. Go mbeidh an rath orra an bhliadhain sin má nigheann siad a n-éadan san drúcht roimh éirghe do’n ghréin maidin Bealtaine.Máirt ha h-Inide
5. Na cailíní agus na buachaillí nach mbeidh pósta roimh Máirt na h-Inide brisfidh siad potaí go leor.An Chingchís
6. Ní ceart dul ós chionn na Rúitíní in uisge agus deirtear nach ceart caoirigh do bhearradh ar an gCingchís.Lá na Leanbh
7. Deirtear nach ceart aon obair a thosú Lá na Leanbh agus má tosuightear deirtear nach n-éireochaidh go maith leis.Gach lá.
8. Deirtear nuair atá maistriú ghá dhéanamh ag duine nach fear a leigeadh amach agus a phíopa lasta.
9. Nuair atá duine ag caitheamh amach uisge salach tar éis dul síos do’n ghréin deireann siad “chugat, chugat, an t-uisge salach” mar creideann siad go mbíonn na daoine maithe amuigh.
10. Rud eile deirtear gur rath mór ar dhuine cat dubh a bheith sa teach aige.
11. Dá dhóghadh thaobh amháin de’n teine níos tapamhla ná an taobh eile bheadh duine ag fágáil an tighe sin gan moill.
12. The whistle of a woman or the crow of a hen would(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chléirigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bléin na gCaorach, Co. Mhaigh Eo