School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 30
- XML “Brian Rua - An Fáidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thogh Brian amach a sparán agus thug sé £9-2-0 dó’n “Sheriff” agus chuaidh an bhean agus na páistí isteach ins an tigh arís. Bhí sí ag guidhe ar son an fír a íoch an cíos dí.
Thosuigh Brian ag siubhal arís agus gan aige de luach a bhó acht 1/9. Acht ní raibh sé ag siubhal i bhfad go bhfuair sé sparán ar an mbóthar agus trí uaire luach a bhó ins an sparán. Shíl sé gur Dia a chuir ar a bhealach é agus chuir sé ina phóca é. Bhí sé an-tuirseach annsin agus shuidh sé síos. Tar éis tamaill thuit a chodladh air, agus bhí brionglóid aige agus chonnaich sé ins an mbrionglóid go raibh ubhall agus fáinne ag a cheann agus an t-ubhall a ithe ar dtús, agus an fáinne a thógáil annsin agus a dhearcaidh trí[?] ó taobh amháin agus go bhfeicfeadh sé gach rud a tharlaidh ar feadh trí céad bliadhain a bhí caitthe, agus an fáinne a thionntuighadh annsin agus go bhfeifeadh sé gach rud a bhí le teacht ar feadh trí chéad bliadhain.
Dhúisigh sé agus fuair sé an t-ubhall agus d’ith sé é. Fuair sé an fáinne agus dearch sé tríd agus chonnaic sé gach rud a tharlaidh agus annsin chonnaich sé gach rud a bhí le teacht ar feadh trí chéad bliadhain. Bhí sé sásta agus chuir sé an fáinne ina phóca, agus thosuigh sé a bhealach arís.
Bhí sé ag smaoineadh ar gach rud a bhí le teacht. Nuair a tháinig sé abhaile bhí áthas ar a bhean agus na páiste nuair a chonnaic siad an méid airgid a bhí aige, acht níor dubhairt sé tada faoi an bhfáinne. Cheannuigh sé biadh agus éadaigh do na páistí.(continues on next page)- Collector
- Maedhbh Ní Ghallchobair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Lagduff Beg, Co. Mayo