Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thuit sé ar tum ins an mbogach agus dhóirt sé braon de’n bhainne ar a láimh. Liadh sé a lámh agus annsin bhí fhios aige gach rud a thuitfeadh amach san am le teacht. D’imthigh sé chómh fada leis an sagart agus d’innis sé dhó gach ar thárla. “Gabh abhaile ars an sagart duit-se a bhí sé agus ní dom-sa” Annsin do sgriobh Brían Ruadh leabhar de’n talagoireacht. Bhí sé fhéin agus a mhac ag dul thart ó áit go h-áit as sin amach ag insint gach a raibh le teacht. Lá amháin bhíadar ag dul treasna ar abhainn agus dubhairt Brían le’n a mhac go mbeadh bóithrí mine ’ghá ndéanamh san áit sin fós. Níor thuig a mhac céard a bhí i gceist aige agus do chaith sé an leabhar talagóireachta amach san abhainn. Thóig Brían an leabhar agus bhí sé fliuch uilig. Thug sé abhaile leis é agus nuair a chuir sé ag triomú leis an teine é do dhóigh sé agus b’shin é deire talagóireacht Brían Ruadh.
- Bailitheoir
- Mártan Ó Tuathchain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Tuathchair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bleinkeragh, Co. Mayo