Scoil: Béal Easa (Buachaillí)

Suíomh:
Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
M. Ó Gábhacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 2

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 2

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Easa (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 2
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    De réir béal oideas na ndaoine bhí Fionn ag seilg ar Néifin Mhór lá amháin. Is dócha go raibh Bran agus Sceolán leis ach nílmuid cinnte.

    Do réir béal oideas na ndaoine bhí Fionn ag seilg ar Néifin Mhór lá amháin. Is dócha go raibh Bran agus Sceolán leis ach nílmuid cinnte. Deirtear gur tháinig sé cómh fada lé Sraithín agus ar a bhealach tríd an baile sin dó bhí air a dhul thar claidhe agus bhí carraig mór fairsing ar an sgonnsa sin. Deirtear gur fathach a chur an cloch 'san rioch sin. Tháingh Fionn agus ag dul thar an cloch dhó bhúaíl a chóta é agus thuit an cloch ó'n gclaidhe agus ó'n lá sin go dtí an lá atá indú ann níor chorruigh aon duine é. Tá an cloch céadna lé feiceál anois. Bheul! níor chuir an méid sin imnidhe ar Fionn chúaidh sé ar aghaidh ar nós na gaoithe ach ar thuitim na h-oidhce bhí sé sáruighthe. D'féach sé uaidh; chonnaich sé carraig mór ar chnochán agus súid leis go dtí é.
    Do shuidh sé síos air ach is amhlaidh a rinne sé cathoir de. Tá an rían sin lé feicheál anois agus tugtar Suidhe Finn air, agus 'sé an t-ainm atá ar an gceanntar thart timcheall ná Suidhe Finn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge