Scoil: Béal Easa (Buachaillí)
- Suíomh:
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. Ó Gábhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Easa (Buachaillí)
- XML Leathanach 5
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cluichí.Imreochamuid cluichí sa mbaile agus as baile. Bíonn cluichí gaedhilge ar siubhal againn uaireannta agus uaireannta eile bíonn cluichí béarla ar siubhal againn. Cé mhéad uair sa mbliain a caithtear ag imirt cluichí? Seo iad siúd cuid des na cluichí.
Geataí árda. Bíonn an cluichí seo ar siubhal amuigh fán aer. Seasann cúpla daoine thart i fáinne agus bíonn a lámha suas aca agus annsin ritheann beirt isteach idir gach beirt atá ins an fáinne. Bíonn duine amháin ag rith i ndhiaidh an duine eile.
Rinnce Rósaí. Cailíní is mó a bhíos ag imirt an cluiche seo. Seasann siad thart i fáinne agus bíonn siad ag dul thart agus iad ag labhairt, rinnce, rinnce rósaí buidéal ann the pósaí haidh ha, haidh ha síos sinn go léir.
Dallóg. Buachaillí a bhíos ag imirt an cluiche seo. Cuireann buachaillí aon buachaill ámháin 'na sheasamh i gcúinne sa teach agus bíonn dallóg ar an mbuachaill seo. Annsin ritheann na buachaillí agus an buachaill a bhfuil an dallóg air 'na ndhiaidh. Má leagann an buachaill a bhfuil an dallóg air a lámh ar aon buachaill eile cuirtear an dallóg ar an mbuachaill sin. Is ins an teach a bhíos an cluiche seo ar siubhal.
"Lúrabog Lárabog." Bíonn an cluichí seo ar siubhal i n-aice na teineadh. Suidheann cúig nó sé buachaillí thart timcheall na(leanann ar an chéad leathanach eile)