Scoil: Béal Easa (Buachaillí)
- Suíomh:
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. Ó Gábhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchus i dtaobh na h-AimsireDeirtear go mbíonn báisteach ag teacht nuair a chítea[r] mada ag ithe féir.
Ta fearthainn air freisin nuair atá a lán préacháin ag eitilt sa spéir.
Nuair atá cat 'na shuidhe cois teine deirtear go mbeidh fearthainn ann.
Duine a fheiceann cat ag scíobadh ádhmaid deireann s[é?] gp bhfuil feartainn air.
Nuair atá fainne thart ar an ghealach tá fearthainn air.
Nuair atá línte le feiceál ar loch deirtear go bhfuil fearthainn le teacht.
Má tá loch ag déanamh gleo sin comartha go bhfuil fearthainn air freisin
Nuair atá damhain eala ag dul suas an falla sin comartha fearthainne.
Préachán agus faoilléan le céile sin comhartha go mbeidh stoirm ann.
An sughadh ag tuitim sin comhartha go bhfuil stoirm ag teacht.
Na fáinleoga ag eitilt go h-íseal sin comharth[a] fearthainne.
Má tá deannach ag éirigh ó'n mbóthar beidh fearthainn.(leanann ar an chéad leathanach eile)