School: Breac-chluain (B.) (roll number 13389)
- Location:
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Seán Ó Casaide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-chluain (B.)
- XML Page 391
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear sa ceanntar seo uair agus bhí sé ag déanamh poitín i ngleann uaigneach. Nuair a bhí sé déanta aige bhí sé i lár na hoidhche agus cé tháinig isteach chuige acht fear óg. D'fhiafruigh sé dhá ghalún poitín dhe agus thug an fear dó é. Tuairim is bliadhain in a dhiaidh sin casadh an fear ceadhna leis ar an aonach. Thug an fear luach an poitín don fhear a thug dó é bliadhain roimhe sin. Marach gur thug sé an poitín uaidh an oidhche úd bheadh an fear a bhí ag iarraidh an poitín sa dún atá ar an mbaile seo againn-ne i gcomhnuidhe mar is as an dún a tháinigh sé. Thóg na sideóga é agus ní leigfeadh said abhaile é go geobhadh sé an poitín dóibh.
Lucán Ó Ceallaigh, Breac-Cluain, Béal atha na Muice Co. Mhuigheo a dinnis an sgéal seo dhom.
Pádhraigh O Casaide Breac-Chluain, Béal atha na Muice Co. Mhuigheo.- Collector
- Pádraig Ó Casaide
- Gender
- Male
- Address
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Lucas Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Address
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo