Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “Béaloideas”
  4. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean-sgoil i Sruthar uair amháin agus bhí sí tuairim is céad slata ón Abhainn Duibh. Ó Curraidhín an t-ainm a bhí ar an múinteoir a bhí ann. Ba’s an áit seo ó Curraidhín agus i mBéarla a bhíodh sé ag múineadh na bpáisdí. Bhíodh leabhair beaga aca. Sgríobh na páisdí le píosaí slaite agus nuair a bhíodh an deire dubh brisde de. Chuiridís ins an teine arís é agus bhéadh sé dubh arís. Bhí sean-¬sgoil eile ins an áit a bhfuil an sgoil anois i gCnoch Rún. Ó h-Eineacháin an t-ainm a bhí ar an múinteoir a bhí ann agus bhíodh na rudaí céadhna ag na páisdí is bhíodh ag na páisdí i Sruthar ins an sgoil. Bhí Ó h-Eineacháin ag cur faoi i dteach tuairim is céad slata ón sgoil agus Piarais an t-ainm a bhí ar fhear an tighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí sgoil i gCathair-Lios-Gráín fadó in aice leis an áit in a bhfuil sé anois. Sé an t-ainm a bhí ar an máighistir Mac Cárthaigh. Sgríobadh siad ar slinne le cailc slinne. Bhí stól ag gach duine ag an sgoil agus suidheadh sé ar gach lá agus sgríobhadh sé ar freisin. Múineadh na h-adhbhar i mBéarla acht bíodh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pól Ó Buadhacháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Ceóinín
    Inscne
    Fireann