Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 073

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Leathanach 073
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. [Bhí] fear agus a bhean in a gcomnaidhe i dteach uair amháin agus bhí mach amháin aca. Ní raibh aon mhaith [lei]s an mach acht ag goid. Bhí a athair ag obair le h-agaidh tighearna talmhan agus dubhairt an tighearna talmhan leis an athair an mach a chur ag fóghluimh [ró]gaireachta. Chuaidh an mach ag fóghluim rógaireachta agus nuair a bhí sé ceithre bliadhna imthighthe tháinig sé abhaile. Chuir an tighearna fios air agus chuaidh sé chuig an tighearna. Dubhairt an tighearna go mbeadh fear ag treabadh aige amháireach agus go gcaitfeadh an mach na capaill a goid uaidh. Chuaidh an mac ar-ais chuig an tighearna lá ar na bhaireach agus [r]ug sé ar trí coinníní. Leig-sé ceann de na coinníní amach nuair a tháinig sé go dtí an pháirc agus rith an coinín síos an scríob. Leig sé amach an tríomadh ceann annsin. Nuair a chonnaich an treabhadóir an coinín lean sé é agus an fhaid is a bhí sé gá leanamhaint bhí na capaill goidthe ag an roghaire agus d'innis sé an sgéal don tighearna. "Bí annseo aríst amáireach". Chuaidh sé chuig an tighearna an lá ar na bháireach agus dubhairt an tighearna leis go gcaithfead sé an braithlín a goid uaidh féin agus a bhean an oidche sin. Fuair fear bás an lá sin agus ins an oidche goid an rógaire an corp agus chuaidh sé go dtí [te]ach an tighearna talmhan agus chuir sé an corp in a seasamh taobh amuigh den fhuinneóig in a raibh an tighearna agus a bhean in a gcodladh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnaill Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dealgain, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pádhraigh Ó Céidigh
    Inscne
    Fireann