Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)

Suíomh:
An Doire, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Cathain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 75

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 75

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire
  2. XML Leathanach 75
  3. XML “Sléibhte Chonnamara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is go mbuailfinn-se mo bhoch báire a beadh go h-árd leis an gealaigh.

    (VII)
    A dhriothaírín na páirce tugaidh m’aras go dteo abhaile
    Tugaidh a stocha a’s a bhróga, a’s a choitín donn daithte
    Tugaidh an scéilín go dtí mo maitrín atá go brónach in mo
    dhiaidh sa mbaile, go bhfuil mo roipín cruaidh faisghthe le dhul
    in áit mo carabata.

    (VIII)
    A dhriothaireacha dilis na bÍghidh ar meisge
    Ná bidhigidh amuigh san oidhche no béidh muid ar fad cionntach
    Dá mbeadh sibh chomh soar leis na naomh atá i bFlaithis
    Da mbeadh sibh in-a n-ainglibh glegeál
    Go marbocadh na mionnaí breatha sibh a tugú in Ghaillimh

    (IX)
    Sgéala cuirim go dtí sibh a bhuachaillí an t-sleibhe
    Tagaidh fá mo dhéin-sa má is féidir libh lán cruinnigh
    Tugaidh mo chónra cugam
    Déanta o Seamus Cill Mhuire, agus sínigh mé imeasg mo
    gaolta
    I gcré bhreagh Cill Choinnigh

    (X)
    Anseo ó tharla as go bhfuil mé réidh libh
    Go bhfuil mo téarma go deo libh caithte
    Cuirimid slán agus beannacht de
    Ag a bhfuil in a ndiaidh de na fearaibh maithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Chathasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Ceapaigh na Creiche, Co. Mhaigh Eo