Scoil: Sraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith
- XML Leathanach 164
- XML “Scéalta, Tomhaiseanna, Rannta srl.”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“An chéad lá n'Éirinn dár liostáil mé
Bhí mé súgach sásta
An dara lá dár liostáil mé
Bhí mé buaideartha cráidhte
An triomhadh lá dár liostáil mé
Bhéarfainn giní as mo párdún
Dha dtugainn sin agus an oiread eile
Ní bfuighinn ceann saor ón sáirgint”
Tomás Ó Éanacháin (?) Tabhnach, An tSraith (54) (gan teideal)
“Bhí triur dearbhráthair ann uair amháin.”
Bhí triur dearbhratháir ann uair amháin. Dúbhairt ceann aca go gcaithfheadh sé dul ar tóir oibre. D'eirigh a mháthair ar maidin agus rinne sí dhá cháca - cáca beag lé na beannacht agus cáca mór lé na mallacht. Tóig séisean an cáca mór lé na mallacht. D'imtig leis annsin go dtáinig chom fada lé tobar. Shuidh sé sios agus thosuigh sé ag ithe. Tháinig éinín beag aige agus dúbhairt “An cuidiu ná caibhreach liom thú”? Dúbhairt seisean nár caibhreach leis é. Dimthigh sé leis annsin agus tháinig chomh fada lé teach mór. Diarr fear an tíghe céard a bhí ag teastáil uaidh. “Tá obair a teastáil uaim” ars 'an buachaill. Thug sé isteach é agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Seoige
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tamhnaigh, Co. Mhaigh Eo