Scoil: Naomh Angela, Caisleán an Bharraigh (uimhir rolla 14410)
- Suíomh:
- Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. M. Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Fhocail
Tusa a dubhairt agus ní h-é Dia.
Ná déan nós agus ná bris nós.
Is fusa airgead a rád ná é a dhéanamh.
Is fearr an t-sláinte ná na táinte.
Is mór i an fhírnne agus buadhfaidh sí.
An té a shiubhalas ar uibeacha ní mór coiscéim éadtrom beit aige.
Is fearr cara sa gcúirt ná punt sa sparán.
Níl neart gan cur le chéile.
Nuair a imthigheas an sean slán le cáirde is olc an cú na fuí.
Feadh a leigint uirtí ná bac le mac an bhacaigh.
Ní dheánfadh an saoghal capall rása d’a asal.
Cuir síoda ar gabhar agus is gabhar i gcómhnuidhe.
Mara bhfuil agat ac pocaidhe gabhair bhí i lár an aonaigh leis.
Is giorra cabhair De ná an doras.
Ná tabhair taobh le fear fala.
Is treise dútcas ná oileamhaint.
Is fearr beasa na breágacht.
Tóg do chuideachta súl a shuidhfir.
Déanann ceann ciallmhar béal iadhta.
Is minic a bhris béal duine a shrón.(leanann ar an chéad leathanach eile)