Scoil: Naomh Angela, Caisleán an Bharraigh (uimhir rolla 14410)

Suíomh:
Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr. M. Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0089, Leathanach 449

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0089, Leathanach 449

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Angela, Caisleán an Bharraigh
  2. XML Leathanach 449
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is binn béal in a thost
    Ritheann uisge doimhin ciún
    Is fearr an t-imreas na an t-uaigneas
    Níl aon teinnteán mar do theinteán féin
    Is glas iad na cnuic i bhfad uainn
    Tír gan teanga tír gan mhaíth
    Briseann an dúthchas tre suilibh an chait
    Ní thagann ciall roimh an aois
    Ní sia gob an gé ná gob an gandal
    Is maíth sugh bó, beo na marbh
    Is fearr obair na cainnt
    Níl féasta gan rosta 's ní céasta gan posta
    Bíonn bainne geal ar buaibh dubha

    Tagann cairdeas agus ní mhaithtear na fiaca

    An rud a téidheann i bfad teideann sé i bfuaire

    Is fearr teach beag agus teann lón ná teac mór dh(?)
    ar bheagán bidh

    Is saidhbhir iad na bochta i láthair Dé
    Is fearr leath-bhuilín ná a beith gan arán
    Ní bhíonn saoi gan locht

    Is fearr an ceann an t-athair do deichniúr, clainne ná a deicniúr cloinne na gceann do athair

    Níl i ndeire na seachtaine ná i ndeire na bliana a dhíolann Dia a luct saotair ac i ndeire saol

    Is beag an gnó le luct feacaint i scatanaibh
    An té go mbíonn Dia leis ní féidir le daoine é cur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge