Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ara, d’innse’á orm," adeir sé.
"Ná bíoch faitíos ort," adeir sé, "ní chainteó mé
go deó air."
D’eirigh sé g’aon spring amháin nó gur
thug sé leis na píopaí aríst, agus dá [fheabhus] dá
ru siad na chéad laetheantaí go mbu seacht
mb’fhearr an lá seo iad; agus an ceól a chuir
sé uaidh bhí sé ’cur an táilliúr a’ hopáil
thuas ar a’ mbourd. Agus bhí sí ag éisteacht
le chuile shórt ag a’ dorus, agus nuair a d’airi
an táilliúr a’ tíocht aríst í - thainic sí agus an
canna aici - "Is mór an náire dhuit é!"
adeir sé.
"Ó muise cén leigheas atá ugum air?" adeir sí.
"Tá an créatúr starvetha leis an ocras,"
adúirt a’ táilliúr, "- níl braon bainne héin
ugut a thabharthá dho?"
"Ara tá, ach ní ólfach sé é," adúirt sí.
"Well bhí go math agus ní ru go h-olc.
"Cathfa tú dhoil," adeir a’ táillúr, "ag iarra
snátha dhom-sa amáireach."
Agus by gories bhí an lá an-fliuch.(leanann ar an chéad leathanach eile)