(ar lean ón leathanach roimhe)
liom, "go mbeach an craiceann ’s a’ luach a’ tíocht
abhaile ugum."
"Well, dinfa sin," ar sise, "cé mhéad é a luach?"
"An oiread seo airgid," ar seisean.
Thug sí an t-airgead dó.
"Spáin a’ craiceann anois," ar sise.
Thug sé dhuth é. Bhain sí an olainn do agus
thug sí an craiceann thar n-ais do.
"Teiri abhaile anois," ar sise, "ag t’athair, agus inn-
si an méid sin do."
Chua sé abhaile lán d'áibhéis. D’innis sé an sgéal dá ath-
air. Bhí áibhéis mór air-san freisin.
"B'ait liom fios a bheith agum," adeir a’ G. S.,
"cé h-í an bhean chliste seo a casú leat inniu
ar an aonach, mar," adeir sé, "’sí an bhean is clis-
te í a casú dhom-sa ariamh," adeir an mac.
"Well, dhá mbeach fhios ugum-sa," adeir an G. S., "cé
h-í, dhinfach muid cleamhnas, mar b’ait liom
an bhean sin a bheith pósta ugut."
Well bhí siad ar siúl gur diniú amach í,
agus nuair a diniuv dhin siad a cleamhnas agus pós-
ú iad. Bhí an G. S. lán áibhéis insin faoi’n
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.