(ar lean ón leathanach roimhe)
bhí Gráinne ní Mháille ins a’ seómra, agus lufáir
an domhain uilig uléireach aici roimh an nGabh-
ainn Rua, roimh á n-a dhreitheár. Agus nuair
a tháinic sé isteach d’eiri an fear agus chraith sé
lámh leis a’ nGabhainn Rua, agus shuíodar síos
a’ caint.
"Anois," adeir an fear, adeir sé, "tá do dhreithiúr
a rá," adeir sé, "nach bhfuil aoin fhear i nÉirinn," adeir
sé, "in’ fhear cho math leat, agus dúirt mise léithe,"
adeir sé, "go ru, agus gan dícéille a bheith urthe. 'Má
Rec. 784. ta,' adeir Gráinne ní Mháille, adeir sí, "ar ndú,
ní cheapann tú go bhfuil tusa in t’fhear cho math le
mo dhreitheár?' 'Muise, mo lámh agus m’fhocal duit,'
[adeirim-se], 'an chéad lá eile a dtioca do dhreith-
eár inseo go mbeidh fhios á’m-sa cén fear is
feárr.'"
Ach d’eiri an cliamhain ag an nGabhainn
Rua agus d’fhiathra sé dhe a’ dtroiteat sé é, ar
shon na cainte a bhí an dreithiúr a rá. Agus
dúirt a’ Gabhainn Rua go dtroiteach.
"Cath dhíot," adeir sé, "agus fágh réidh thú héin
agus bí amuich ar aghaidh na cúirte, "adeir sé, "go dtroide
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.