Scoil: Carron / Carthan (uimhir rolla 7573)

Suíomh:
Carran, Co. Clare
Múinteoir:
Micheál Ó Muirthille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0616B, Leathanach 06_004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0616B, Leathanach 06_004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carron / Carthan
  2. XML Leathanach 06_004
  3. XML “Béaloideas”
  4. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. In aice an bhóthair idir an áit seo agus Cinn Mhara, tá faill mhór, agus Cinn Alaidh a tugtar air. Tá pluais déanta isteach fé'n fhaill agus deirtear gurbh é sin Leabadh Naoimh Cólmain. Is annsan freisin atá Bóthar na Míos. Bhí cómnuidhe ar Naoimh Cólmáin 'san áit seo agus bhí cómnuide ar a dhearbhrathair - Guaire - i gCinn Mhara. Rí Connachta do bheadh é. Bhí buachaill cabharta ag Naomh Colmáin, agus "Duac" an ainm abhí air. Lá amháin dubhairt sé go raibh ocras air. Do ghuidhe an Naomh go dtiocfhadh biadh chuige. Thárla ag an am céadhna go raibh féasta i dtig Guaire, agus nuair ghuidhe an Naomh, d'eirig na míosa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Lochlainn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Termon, Co. Clare