Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Suíomh:
- Kilclaran, Co. Clare
- Múinteoir: Ss. Ó Muineóg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cotaí dearga ag Maighistír Ó'Madáin i dTuaim Gréine, in ám tioránach "ag déanamh fobha ar na Sagartaibh agus sgolairibh bochta a bhí i bhfolach i measg na ndaoine timcheall aon chéad agus fichid bliain ó shoin. Bhí múinteoir sgairte in Ting Giar Fhiadh i bparóiste Tuaim Gréine. Ní raibh Scairbh ann an t-ám sin. Bá é an t-ainm do bhí air O'Madáin.Bhí sé ag múineadh Gaedhilge, Béarla, Áireamh agus an Teagasg Críostaidhe in sgioból Ó Daghnáin. Ón ait sín in aice a thíghe. Bhíodh fear ag faire i gcómhnaidhe gach ám a bhíodh sé ag múineadh ann. Chun na saighdiúirí dearga d'feichsint ag teacht amach ó Tuaim Gréine.Nuair a bhí d'inghean do Seán Daghnáin an-óg, chonnaic sí "Vison" aon oidhche amhain. Dubhairt sí go minic ar feadh a shaoghail go bhfacha sí "Cótaí Dearga in a sheomra agus gur sgreadh sí ós árd amach. Go raibh na saighdiúirí Shasana ag sgubadh cun siubhail leo í. Chuala a athair agus tháinig sé isteach in a seomra. Thóg sé in a bhaclann í agus d'fiafruigh sí dí "Cá raibh an saighdiúir. Dubhairt a pháiste go raibh sé annsin. Do phreab an t-athair annsin acht ní bhfuair sé greim ar an "Vison" agus ní fheacha sé é. Fuair a athair bás bliain in a dhiaidh san. Sean athair do Donnacha O'Mhuineóg dob eadh Seán Ó'Daghnáin.
- Bailitheoir
- Seán Ó Daghnáin
- Inscne
- Fireann