School: Kilfenora (C.) (roll number 2156)
- Location:
- Kilfenora, Co. Clare
- Teacher: Mrs Conole
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kilfenora (C.)
- XML Page 286
- XML “Scéal Eile”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 286
deireadh leis an ór. - (continued from previous page)Scéal Eile
Bhí fear agus a bhean in a gcomhnaidhe le chéile uair amháin.Do théigheadah an fear amach ar chuaird gach oidhche.Pe scéal é chuaidh sé amach an oidhche seo agus do bé Oidhche Shamhna a bhí an.Timcheall mheadhon oidhche nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonnaic sé céacht bréag istigh i ngort.Chuaidh sé isteach chun é d'fheiscint .Do gabh fonn air suidhe ar an gcéachtagus ar an nóiméad do chuaidh an céacht agus é féin suas sa spéir agus as go bráth leo.Sé an rud a bhí ann ná an púca agus i bhfuirim céachta. Bhíodhar ag imhtheacht leo ar feaadh ibhfad agus nuair a stopadar ni raibha fhios aige cá raibh sé .Thainig sé abhaile agus níor srois sé a baile go dtí tuitim na h-oidhche. Bhí a bhean féin agus bean eile a suidhe chois teine agus iad ag caoineadhagus bhí an bhean a rádh "Ó mhuise,ó mhuise ,dhá bhliadhain deag is an oidhche anoct a chuaidh mo chéile uaim".Leis sin do shiubhail se isteac agus chuireadar araon fáiltemór roimhe.In ionaid a bheith imthighthe as baile dhá uair déag mar a cheap sé ,bhí sé imthighthe dhá bhliadhain deag.