School: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Location:
Liscannor, Co. Clare
Teacher:
Dónall Ó Seasnáin

Filter stories

Back
/ 066 Forward
Resolution: Low | High
Scoil Bhríde, Liosceannúir | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0618, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

59
Amhránuighthe Maithe
Concubhair Ó Chéirín, Lioslorcháin. Liosceannúir.
Seán Ó Beacháin, Beithe, Liosceannúir
Snámhuighthe Maithe
Seán Punc, Clochán, Liosceannúir
Peadar Ó Sáile, Mothair. Liosceannúir
Rinnceóir
Seán de Nágla, Baille Lán, Liosceannúir.
1
Do siubhal Máirtín Ó Módhrán chomh fada le Caisleáin Bláchenóg i gCo. na Gaillimhe - breis agus 80 míle.

2
Do shiubhal "Bully Devitt" ó Dairín go Luimneach agus ar ais arís sa lá chéadhna. Deirtear go raibh sé tagaithe ag a h-aon a chlog (meadhon lae) breis agus 100 míle.
3
Do léim Aguistín Maicín ó Chill Sionnaigh an droichead dhá Chuma (Spectacle Bridge) in aice le Lios Dúin Bheárna.
4
Do shnámh Pádraig Mach Chonsaidín ó Liosceannúir sé mhíle sáile.
5
Do bhaineadh Pádraig Ó Dúnléibhe ó Mothair dhá acraí d'fhéir le speal sa leó.
6
Triúr driotháracha a bhí 'na gcomhnuidhe i Lioslorcáin fíor fadó le na mháthair. Duine achu d'ár b'ainm dó "Chromaltigh Chromaltigh". Bhí sé an-láidir. Lá dá raibh "Cromaltigh" amuigh, cheap an chuid eile achu ar seift chun é mharbhú. Cad a dheineadar ach tarbh fiadháin millteach a bhí achu a chuir isteach sa tíghe. Nuair a tháinig "Crumaltigh"abhaile dhein sé iarracht ar an tarbh. Thug an tarbh a aghadh

(continues on next page)
Collector
Treasa Ní Lachaidhe
Gender
female
Address
Derreen, Co. Clare
Informant
Énrí Maintéal
Relation
relative (other than parent or grandparent)
Gender
male
Language
Irish