School: Scoil na mBráthar
- Location:
- Tipperary, Co. Tipperary
- Teacher: An Br. C.B. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar
- XML Page 178
- XML “Logainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chloch so le Torc Fiodhain agus go dtáinig scoilt innte. Leaganacha eile a deireann go dtárla an scoilt nuair do bhí Naomh Pádraig sa cheanntar. Bhi na draoithe ar bhárr Sliabh na Muc ag tabhairt adhradh dhá ndéithibh bréige féin. Tháinig Naomh Pádraig agus ba cúis bhróin dó an t-adhradh so. Do chuir na draoithe dubh-slán fé feáchaint cioca ba threise, Dia Phádraig ná Déithe na nDraoithe. Do ghuidheadar san ar a seacht ndícheall agus sin a raibh aca dá bhárr. Ní túisce a thosnuigh Padraig Naomhtha ar Dhia na n-Uile Comhacht d'impidhe ná go dtáinig scoilt mór sa charraig.
Sliabh na MucNí sliabh é seo igceart ach line cnuic a théigheann ó Chill Seáin go Gall Baile, tuairim is deic míle slighe.
Bóthar an Chóiste Bóthar é seo a ghabhann thar Sliabh na Muc agus deirtear go ngabhad cóiste na litreac ó Gleann Eatharlach go Tiobrad Árann fadó ar an mbóthar seo.(continues on next page)