School: Scoil na mBráthar

Location:
Tipperary, Co. Tipperary
Teacher:
An Br. C.B. Ó Cuinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0578, Page 197

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0578, Page 197

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar
  2. XML Page 197
  3. XML “Tiarnaí Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí mór-chuid Tighearnaí timcheall na h-áite seo. Dearfadh cuid des' na daoine nách raibh siad chómh crósta is a bhí siad in áiteanna eile. Bhí ceathrar díbh timceall na h-áite, Lowe, Blunt, Barra-Mór, Ó Scollaighe agus do cuireadh mór-chuid as a sealbh ins an ait seo. Do cuadar go léir go America. Do fuair Blunt agus Barraí Mór an talam ó Cromwell agus cheannaigh na daoine eile é.
    Bhí ar bean an ait seo gach rud a bhí sa tig aici do thógaint amach ar an mbóthar agus níor mhaith leo é sin mar ní raibh siad ábalta ar aon tigh eile d'fhághail. Do bhí ortha na rudaí go léir do dhíol agus dul thar lear, agus níor thángadar tar-nais ó shoin. Do bhí ar daoine eile dul amach mar níor dhíol siad aon chíos.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish