School: Baile an Gharrdha (B.) (roll number 13210)
- Location:
- Ballingarry, Co. Tipperary
- Teacher: Tomás Lotrail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seachadadh:An feirmeóir gur leis an feirm seo bhí triúr mach aige agus nuair bhí sé ag fághail báis do roinn sé an talamh ortha. Thug sé tuille nó aguisín don mhach ba shine agus an Seacadadh tugadh ar an tuille sin. Cialluigheann an focal "feirín" nó "bronntanas".
i nGort na ScológBograch:Tugadh an t-ainm sin ar an bpáirc seo mar tá talamh bog fluic ann. Sórt portagih is eadh é. I nGort na Scolog.
Cúinne: Tá cuma triantáin ar an ngort so agus sin é an fáth go nglaodhtar "an Cúinne" air.
Currach:An talamh atá sa pháirc seo tá sé bog fluic fiadháinJessfield
The Land League Field FarranroryBhí ball de Cumann na Talamh i mBaile an Gharrdha - an cumann sin a chuir Mícheál Dáibhid ar bun ingach paróiste in Éirinn chun ceiste na talmhan do shochrú. An fear a bhí i gceann as i mBaile an Gharrdha Mach Gearailt do b'ainm do. Cuireadh i bpriosún é agus an fhaid a bhí sé ann do bailigh na cómharsain agus do dhein siad an gáirdín do threabhadh agus do chur do. Tugadh ainm fé leith ar an ngort sin. "The Land League Field".
Tá páirc eile den t-ainm céadna sa pharóiste leis. Fuair sí an t-ainm sa t-slighe céádna.(continues on next page)