School: Broadford, Ráthluirc
- Location:
- Broadford, Co. Limerick
- Teacher: Siobhán Nic Phiarais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Broadford, Ráthluirc
- XML Page 003
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Sé ainm na háite seo anois na Béal-an-Áis”
(continued from previous page)láidir fós. Táis an-théagartha. Tá an teampall caoghadh troigh ar fhaid agus triochadh troigh ar leithead. Is fuirist aithint air go bhufil sé an-aosta ó na clocha a cuireadh ins na fálaí. Tá siad garbh mí-chumtha an chuid is mó díobh. An stíl Gaodhlach a bhí air nuair do tógadh ar dtúis é ach d'aistreadh é taréis teacht na Sacsan.Tá a lán sgéal imeasg na ndaoine idtaobh an teampaill. Deirtear gur tógadh i slighe muirbhiulteach é. Tháinig saor-chloch go dtí an bhean so agus do thóg sé an teampall ó bhun go bár saor in aisce agus gur aingeal a bhí ann.Tá baint idir an Teampall so agus Gleanna' Chapaill. Nuair a tógadh an teampall do beannuigheadh é Lughnasa 5adh agus do cuireadh fé chomairce "Naomh Muire na Sneachtaigh" é.Tá roilig ann agus is ann a cuireadh na buachaillí a fuair bás ar son na h-Éireann. Tá sruthán i-n- aici na h-áite seo agus tá sé i mbéal na ndaoine go mbionn an duine deirineach a cuirtear ins an roilig ag tarraingt uisce ó'n sruthán go dtí go dtéigheann corp eile isteach ann.