School: Lios Uí Ghrifín (roll number 12227)

Location:
Lissagriffin, Co. Cork
Teacher:
Seosamh Ó Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 480

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 480

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lios Uí Ghrifín
  2. XML Page 480
  3. XML (no title)
  4. XML “Caointe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Is uaidh leis a fuarathas na giotaí a leanas...

    (continued from previous page)
    Airgead luchh cartanachta

    Na trí Rudaí is Airaighe (?)
    Táiliúr
    Piobaire, agus
    Gabhar

    Na trí Beaga is Fearr
    Beag na cruiceóíge
    Beag na caorach
    Beag na mná

    Ceithre Rudaí nách féidir a Dheunamh
    Snámh in agaidh an easa
    Caitheamh cloch le chuan
    Ag tuargan darrach le dóírnibh
    Ceangal gainimhe le gad
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fuarathas na giotaí seo ó Anne Bean Uí Dhuibhir, beannacht De le na h-anam, Ag seo thíos iad direach mar a thug sí iad:-

    Tadhg na Samhna
    Duine de mhuintir Cárrthaigh ab eadh Tadhg na Samhna .i. Tadhg Mac Cártaigh. Feirmeóír ab eadh é a cómhnuigh í nGleann Uí Chróim laimh le Dunmaonmhuighe. Bhí dream san áit a bhí in earraid le tíghearna talmhan na h-áite agus shocruigheadar ar an dtighearna a mharbú oidhche áirithe. An oidhche sin bhualadar isteach idtig Thaidhg, agus thugadar, leo é i gcoinnibh a' tola. Do bhí cómhnuidhe ar an dtíghearna i nGleann a' Chroím agus chuala se roim ré go rabhthas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.