School: Baile Theas (B.), Malla (roll number 4953)

Location:
Ballyhass, Co. Cork
Teacher:
Tadhg Ó Hanluain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0364, Page 287

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0364, Page 287

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Theas (B.), Malla
  2. XML Page 287
  3. XML “Béaloideas i dtaobh an Chaisleáin”
  4. XML “Caisleán na Cora - Castlecor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ó shoin agus bheadh Ó Donnchadha tímcheall seascadh bliadhain d'aois an t-am san. Seo an scéal d'innis sé dom:-

    Is follus go raibh fuath ag Cromaill do Mhagner agus léirightear an fuath sin 'sa scéal seo. Deirtear gur tháinig Cromail go dtí Caisleán Magner uair amháin agus nuair a bhí é féin agus Magner ag siubhal i roilig atá inghar do'n áit d'fhiafruig Cromaill de cerbh' iad a bhí curtha 'san áit. D'fhreagair Magner go raibh a athair, a shean-athair agus a uncail curtha ann. Annsan dubhairt Cromaill, "Is dócha gur daoine cáilmheara iad súid uair amháin acht is féidir liomsa siubhal ortha anois. "A" arsa Magner go tarcuisneach "is fuirist do ghadhar 'na bheathaidh siubhal ar leonta nuair tá siad marbh" ( A living dog may walk over dead lions)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá an áit seo suidhte circa trí míle slighe ar an dtaobh thuaidh de Chaislean Magner. Níl fágtha den chaisleán anois acht na fothracha acht tá "Tigh Mhór," mar a deirtear, in aice leis an gcaisleán. Deirtear gur é seo an caisleán is seanda dá bhfuil i nDúthaigh Ealla mar an beal-oideas atá ag baint leis téigheann sé siar go dtí an 5adh aois A.D. I dtosach na 5adh aoise bhí an caisleán seo i seilbh duine ar ab'ainm dó an Draoi Ruadh. Ní foláir nú ba dhuine cómhachtach é mar ba leis an dúthaigh go léir ó Caisleán Corr go Mainistear Fhearmuighe. Deirtear go raibh beirt inghean, áluinne, niamhracha sciamhacha aige mar atá Aoibhil agus Cliodhna. Is minic trácht ar an mbeirt i bhfilidheacht na h-ochtmhadh aoise deag m.s. "Rosc Catha na Mumhan"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Castlecor Demesne, Co. Cork