School: Baile Theas (B.), Malla (roll number 4953)

Location:
Ballyhass, Co. Cork
Teacher:
Tadhg Ó Hanluain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0364, Page 290

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0364, Page 290

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Theas (B.), Malla
  2. XML Page 290
  3. XML “Cath Cnoc na nOs”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá an cnoc beag seo suidhte tímcheall trí mhíle ar an dtaobh thoir de Cheann Tuirc. Is ann a troideadh cath fuilteach 'sa bhliadhan 1647 idir Gaedhil agus na Gallaibh. Briseadh ar na Gall nú ba chirte a rádh ar na Gall-Gaedhil agus d'fhagadh 4000 díobh marbh ar pháirc an áir. De réir lucht staire b'é an tubaist úd i gCnoc na n-Os ba chionntocair leis an mbriseadh a tháinig ar Ghaedhil Chúige Mumhan 'na dhiaidh sin. An Tighearna Ínse Cuinn, an fear iomráidhteach úd go dtugaidís na Gaedhil "Murrough the Burner" mar leas-ainm air, abhí mar cheann-feadhma ar na Gallaibh agus bhí an Tighearna Taafe i gceannas ar na Gall-Gaedhil. Is minic a cuirtear an mhilleán ar Taafe mar gheall ar an lá úd agus de réir mar a cloisimíd ní gan cúis é. Is amhlaidh a bhí buidhean Albanach ag cabhrú leis na Gaedhil an lá úd agus bhí an duine iomraidhteach úd Mac Giolla Ciotaigh /(Culcoitt McDonnell go ndeintear trácht air s'in babhar (?) úd "John Splendid" le Neil Munroe) i gceannas ortha. Mar a thuit amach go minic roimhe sin agus 'na dhiaidh i Stair na h-Éireann d'eirig easaontas idir an mbeirt roimh an gcath mar gheall ar feallbheart a dhein Mac Dómhnaill i "gCath Philiphaugh" a troideadh in Albain 1645. Pé sgcéal é dhuiltuigh Taafe cabhar a bhreith do Mhac Dómhnaill in am an ghádhtair agus buadhadh glan ar na Ghaedhil. Mharbhuigheadh Mac Giolla Ciotaigh freisin agus na h-Albanaigh go léir abhí ag cabhrú leis.
    I dtosach an lae bhí eirghe leis na Gaedhil agus thiomáineadar na Sasanaigh rómpa acht d'eirig clampar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. Battle of Knocknanuss (~6)
    Language
    Irish
    Informant
    Mr James O' Connell
    Gender
    Male
    Age
    83
    Address
    Knocknanuss, Co. Cork