School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 128
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Feirmeóir a bhí ann is bhí triúr mach aige. Bhí duine acu so a bhíodh i gcómhnuidhe ag gol. Uair sa mhidhe a thagadh sé seo abhaile is annsan d'imtigheadh sé leis arís. Uair d'á raibh sé as baile cailleadh a athair is nuair a tháinig an mac abhaile dúbhairt an beirt eile leis "Nach olc a dheinis nár thánais abhaile is do athair marbh" "Níor airigheas focal de" arsan mac "ach cad é an rud d'fhág m'athair agam" "Níor fhág sé aon nídh agat" arsa an bheirt eile. "Nach olc a dhein sé e" ar seisean.
    I gcionn tamaillín annsan d'innis a dhriobhtháracha do gur fhág a athair an fheirm aige. Bhí áthas mór air annsan is ghaibh sé amach ag féachaint ar an bfeirm. I bpáirc chonnaic sé seacht láir ag innbhear go breágh sochair. D'imthigh sé leis annsan agus blian 'na dhiaidh sin chas sé thar-nais agus bhí ana áthas air nuair a chonnaic sé seacht láir óga ag damhas sa pháirc. Luigh sé cois claidhe is thuit sé 'na chodhladh. Dúisigheadh as a chodladh é agus cé bheadh ar a aghaidh amach ach bramach glas. Labhair sé is dúbhairt "Cuirse na cinn eile chun báis is fág bainne na sé lár agam an bhlian seo". Do dhein agus chuir an bromach fhiachaibh air iad do mharbhú gach bliain ar feadh sé bhliadhan. An seachtmhadh bliain dúbhairt an láir, "Tá bainne na sé lár agam le sé mbliadhna anois agus ba mhaith liom tú dhíol tar nais cuir orm an srian is an iallait agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Thuama
    Gender
    Female
    Address
    An Sliabh Riabhach, Co. Cork