School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 114
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí baintreach mná uair agus bhí triúr mac aice. Nuair a bhí an mac is sine bliain is fiche dúbhairt sé leó go n-imtheóchadh sé ag tuilleamh a phortún do féin. Dhein an máthair dá chíste mine-coirce i gcóir a bhóthair - ceann mór is ceann beag. "Sea" ar sise, "Tóg mo ceann beag is mó bheannacht nó mo cheann mhór is mór mo mhallacht". "Toghaim an ceann beag" ar seisean "agus do bheannacht". D'imthigh sé annsan is ní fheaca sé a thuille é. I gcionn lae is bliain dúbhairt an tarna mac go n-imtheóchadh sé féin. Dhein sí dá arán do agus d'iarr sí air ciacu ceann a thógfhadh sé agus thóg sé an ceann beag is a bheannacht. D'imthigh sé agus ní fheaca sí a thuille beó ná marbh é. I gcionn bliain is laé dúbhairt an mac óg go n-imtheóchadh sé féin. "Dia linn a laogh" ar sise agus dhéin sí dá arán agus thug sí a rogha dhó agus dùbhairt sé "thóg mo bheirt driobhthár an ceann beag is do bheannacht agus níor fhiucadar ó shoin togadsa an ceann mór is do mhallacht. D'imthigh sé agus d'airigh sé go raibh rí mór sa domhan toir agus go raibh inghean aige agus ná bfaigheadh aoinne an inghean le pósadh ach fear a néarfhadh an oiread sceulta greannmhara dho go gcaithfeadh an rígh an t-eiteach a thabhairt dó.
    D'airigh an buachaill é agus chuaidh sé ag triall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Críodáin
    Gender
    Male
    Address
    Doire na Sagart, Co. Cork