School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 070

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 070

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 070
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear theas in aice an Ghaoithraig uair dárb' ainm Dómhnall Ua Caoimh. Tháinig la aonaig Maghcromhdha agus d'imthigh sé féin is a inghean do dtí an t-aonach le gamhain ramhar. Nuair a bhí sé díolta aige agus é chun teacht abhaile theip ar a inghean d'fhághail in aon áit agus chaith sé teacht abhaile gan í. Bliadhain ón lá sin tháinig oidhche chlagair agus bhí tuille ins gach aon chúinne de'n Ghaortha ach amháin oileanín a bhí istig san tuille go raibh ba baluighthe istig ann i dteannta a chéile.
    Bhí garsún bó ag Dómhnall agus dubhairt sé leis fanamhaint annsan sa leabaidh agus go raghfhadh sé féin ag iarraidh na mbhó "Agus" ar seisean "ná h-eirigh d'aon duine go nghlaobhaidh mé féin ort." Rug sé ar bhata annsan is rith sé fé dhéin na mbó féachaint an bhféadfhadh sé iad do thabhairt as an dtuille. Ba gairid isteach a chuaidh sé nuair a chonnaic sé marcach ag teacht chuige ar an dtuille agus d'fhiafhruig sé de [?] annso a raibh tigh Dhómhnaill Uí Chaoimh Labhair Dómhnaill is dúbhairt. "Mise Dómhnall agus sin é thuas mo thigh" Dúbhairt an marcach annsan "Tá t-ingean in uacht bháis thiar i mBeanntraighe agus preab annso anáirde ar an gcapall mar níl aon rud chun í leigheas ach tusa." Sháidhsé an bata síos sa talmh agus bhuail sé an mála a bhí [?] ar an mbata agus phreab sé anáirde ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1792A: The Priest's Pig
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Cangain
    Gender
    Male
    Address
    An Sliabh Riabhach, Co. Cork