School: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor (roll number 6009)

Location:
Reenogrena, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 318

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 318

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor
  2. XML Page 318
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”
  5. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear na chómhnuidhe i Ros ó Cairbre darbh ainm do Séamas Taylor. Bhí rith maith aige. Lá amháin bhí fiadhach ag na daoine uaisle a bhí mór-thimcheall na háite agus thugadar púnt mar geall do Shéamus agus do rith sé ó droichead Cill Robháin (leath slighe idir Ros ó Cairbre agus Clanna Caoilte) go tig cúirte i Ros ó Cairbre. Níor tháinig na gadhair suas leis ar feadh ceithre míle an bhóthair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear laidir ann fadó agus sé ainm a bhí air na Conchubhair Ó Céarabháin. Chuaidh sé go Beanntraighe cun obair a dheanamh. Nuair a shrois sé Beanntraighe bhí leach mór ann agus níor bfheidir leo í thógaint ón dtalamh. Bhí cúigear ann agus níor bfhéidir leo cor a thógaint as. Dubhairt Conchubhair go dtógfadh sé féin ar aon láimh í, agus do thóg ar a láimh dheis agus chaith é sé ós cionn an claidhe isteach i bpáirc í. Níor maith leo an leach a bheith istig sa pháirc seo, agus do chaith sé thar nais arís í go fuadhrach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.