School: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor (roll number 6009)
- Location:
- Reenogrena, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor
- XML Page 316
- XML “Tomhasanna”
- XML “Tomhasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tig sa bhaile mór agus ní mhairfeadh luch ann. Ní fir go léir atá sa tsráid ní féidir leo na fuinneóga atá air a cómhaireamh.Fr. Méarachán
Seanduine beag donn is a bhothán ar a dhrom aige. Teachtaire beag ó thig go tig agus bíonn sé amuig istoidhche.Fr. Seilmide
Caithear suas é chómh bán le sneachta is tháinig sé anuas i na ór buidhe leachta.Fr. UbhDiarmuid Ó Díomasaig
Brú Laoich - Cupáinín fúnsac fánsach, a bheal fé agus a thón inairde.Freagra - Báirneach
Cúpáinín óír agus cos as agus is ól mac an rí deoch as. Ní barr crainn é, ní bun crainn é. Ní gabha ná céardaí é. Dein é
Tobairín fior-uisce agus fiodhbhadh an tsléíbhe. Fuineogín gloinne agus doraisín cré.Fr. Súil
Sáthach lán de fheóíl gan tón gan ceann air. Fr. méaracán tálúraSeán Ó hAodha, An Carraig- Informant
- Seán Ó hAodha
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cregg, Co. Cork